Skip to main content
Normal View

An Caighdeán Oifigiúil

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 October 2012

Thursday, 25 October 2012

Questions (119, 120)

Éamon Ó Cuív

Question:

119. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plé a bhí aige le Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, sula ndearnadh cinneadh cúraimí an Chaighdeáin Oifigiúil a aistriú chucu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46931/12]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

120. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil a d'ullmhaigh an Coiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46932/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 119 agus Uimhir 120 le chéile.

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 i mí Mheán Fómhair 2012 chun foráil a dhéanamh maidir le

- leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht (lena n-áireofar reachtaíocht phríomha agus reachtaíocht thánaisteach araon) a aistriú; agus

- athbhreithniú tréimhsiúil ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge.

Bhí plé sa ghnáth-bhealach ag oifigigh mo Roinne leis na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear foireann ó Thithe an Oireachtais, i ndáil leis an mBille seo. Is é staid reatha an Bhille ná gur ghlac Seanad Éireann leis ar an 16 Deireadh Fómhair 2012 agus go mbeidh sé ag teacht os comhair an Tí seo go luath.

Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil, déantar foráil sa Bhille maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil air ag Coimisiún Thithe an Oireachtais uair amháin gach 7 mbliana ar a laghad. I gcomhthéacs an Bhille, tá torthaí an athbhreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil, a rinne Coiste Stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse in 2010-2011, seolta chuig Tithe an Oireachtais ag mo Roinn, le breithniú go cuí i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Top
Share