Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 October 2012

Thursday, 25 October 2012

Questions (189)

Éamon Ó Cuív

Question:

189. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na hAoníocaíochta agus Deontas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste a íoc le feirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46933/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe ar an 14 Bealtaine 2012, i ndiaidh próiseála inar aithníodh ró-éileamh i leith dáileachta talún ar thug an duine ainmnithe faisnéis faoi. Scríobhadh chuig an duine ainmnithe maidir leis an ábhar agus, tar éis freagra sásúil a fháil, déanfar tuilleadh próiseála ar an iarratas d'fhonn na híocaíochtaí cuí a eisiúint go luath ina dhiaidh sin.

Top
Share