Cuireann mo Roinnse seirbhísí i nGaeilge ar fáil i gcónaí i gceantair Ghaeltachta. Is féidir le duine ar bith ar mian leis dul i mbun gnó leis an Roinn i nGaeilge é sin a dhéanamh ach iarratas a dhéanamh. Is i nGaeilge a dhéanann an fhoireann agus custaiméirí i gceantair Ghaeltachta roinnt dá ngnó, nó a gcuid gnó go léir, ar bhun neamhfhoirmiúil. Tá saoráidí fáiltithe i nGaeilge curtha ar bun in oifigí na Roinne nuair is féidir é, do chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, foilsítear roinnt de phríomhfhoilseacháin na Roinne i mBéarla agus i nGaeilge, agus bunaíodh seoladh ríomhphoist Gaeilge tiomanta, (aonadnagaeilge@agriculture.gov.ie ) do chustaiméirí a dteastaíonn sé uathu. Tá leagan Gaeilge de láithreán gréasáin na Roinne ar fáil freisin, ar a bhfuil eolas faoi na príomhscéimeanna agus na príomh-sheirbhísí a fheidhmíonn an Roinn.