Skip to main content
Normal View

Coimisiún Logainmneacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 November 2012

Tuesday, 6 November 2012

Questions (612, 613, 614)

Éamon Ó Cuív

Question:

612. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aige Coimisiún Logainmneacha nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48196/12]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

613. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon daoine atá ag obair i mBrainse na Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an é an líon céanna é a bhí ag obair ann sa bhliain 2009; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48197/12]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

614. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a cheapfar stiúrthóir nua ar Bhrainse na Logainmneacha ina Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48198/12]

View answer

Written answers

Tá i gceist agam Ceisteanna Uimh 612 go 614 a thógáil le chéile.

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh an Rialtas a Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ar an 17 Samhain 2011. Nótáiltear sa Phlean sin go gcreideann an Rialtas go dtiocfaidh buntáiste ceart as tírdhreach riaracháin nach mbeidh chomh plódaithe agus, dá réir, go mbeidh freagracht dhaonlathach níos mó mar thoradh air sin, chomh maith le níos lú dúblála agus línte níos soiléire freagrachta do shaoránaigh. Sa chomhthéacs seo, tá dianscrúdú déanta ag mo Roinnse ar struchtúr agus ar fheidhmiú na n-institiúidí atá áirithe sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, lena n-áirítear athbhreithniú grinn ar an gCoimisiún Logainmneacha.

Ba é toradh an athbhreithnithe sin ná, tar éis dul in éag théarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha reatha, go bhfuil i gceist coiste saineolaithe de idir seachtar agus deichniúr ball - a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono agus a bheidh á gceapadh ag an Aire - a chur ina áit. Tiocfaidh an coiste saineolaithe le chéile ar bhonn ráithiúil agus déanfar an chuid is mó d'obair an choiste ar líne. Meastar go dtógfaidh na hathchóirithe seo ar an dea-obair atá déanta go dtí seo ag an gCoimisiún agus go mbeidh breis éifeachtúlachtaí mar thoradh orthu. Tá oifigigh mo Roinne ag obair i láthair na huaire ar chritéir a fhorbairt don choiste nua agus táthar ag súil go mbeifear ag lorg léirithe spéise sna seachtainí atá amach romhainn.

Tá seisear ball foirne i mbun oibre i mBrainse Logainmneacha mo Roinne i láthair na huaire, ar a n-áirítear an Príomhoifigeach Logainmneacha. Seisear ball foirne a bhí ag obair sa Bhrainse ag deireadh 2009 freisin.

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt i gCeist Uimh XX don Phríomhoifigeach Logainmneacha. Ní thagann aon cheist aníos i láthair na huaire maidir le Príomhoifigeach Logainmneacha nua a cheapadh sa Bhrainse.

Top
Share