Mar a d’fhógair mé go poiblí ar 31 Deireadh Fómhair 2012, tá cinneadh déanta ag an Rialtas faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go dtiocfaidh coiste saineolaithe a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono in áit an Choimisiúin Logainmneacha.
Chuaigh téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha deireanach in éag ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Tá oifigigh mo Roinne ag obair i láthair na huaire ar chritéir a fhorbairt don choiste saineolaithe nua agus táthar ag súil go mbeifear ag lorg léirithe spéise sna seachtainí atá amach romhainn.
Ar ndóigh, teastóidh leasú ar Chuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chomh fada agus a bhaineann sé leis an chur chuige chun ordú logainmneacha a dhéanamh agus tá súil agam go mbeifear in ann céimeanna dá réir a ghlacadh go luath.