Skip to main content
Normal View

Cuanna agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2012

Tuesday, 13 November 2012

Questions (421, 423)

Éamon Ó Cuív

Question:

421. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgead a chaith a Roinn ar an mBlascaod Mór in 2011 agus in 2012 go dáta; céard air a caitheadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49441/12]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

423. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid airgid a chaith a Roinn ar an mBlascaod in 2011 agus 2012 go dáta, cé air a caitheadh an t-airgead; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49605/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 421 agus 423 le chéile.

Rinne Comhairle Contae Chiarraí iarratas ar chúnamh ó mo Roinnse chun oibreacha cothabhála agus caomhnaithe a chur i gcrích ar an mBlascaod Mór i mí Lúnasa 2012. Is costas de €52,350 a bhí luaite leis an bhfánán agus le hoibreacha eile ar an oileán. Ceadaíodh deontas de €15,400 do Chomhairle Contae Chiarraí ar 28 Meán Fómhair 2012 i leith na n-oibreacha ar an bhfánán. Níl an t-airgead sin íoctha amach go fóill.

Top
Share