Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 November 2012

Tuesday, 20 November 2012

Questions (532)

Éamon Ó Cuív

Question:

532. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste, disadvantage area scheme, 2012 le feilmeoir (sonraí tugtha) ós rud é gur cuireadh an t-eolas a bhí iarrtha ag a Roinn ar an bhfeilmeoir ar aghaidh chuig an Roinn mí ó shin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51253/12]

View answer

Written answers

Nuair a bhíothas ag próiseáil iarratas an té atá ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2012 / Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 tugadh ar aird gur déanadh ró-éileamh maidir le dhá ghabháltas talún a tugadh. Scríobhadh chuig an té atá ainmnithe le soiléiriú a fháil air seo. Ní féidir an cás seo a chur chun cinn nó go mbeidh freagra faighte.

Top
Share