Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Thursday - 22 November 2012

Thursday, 22 November 2012

Questions (170)

Éamon Ó Cuív

Question:

170. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste (Disadvantage Area Scheme), 2012 d’fheilmeoir (sonraí leis seo) agus a ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [51964/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 9 Bealtaine 2012. Níl aon íocaíocht eisithe fós, áfach, mar nach gcomhlíonann gabháltas an té ainmnithe íos-cheanglais dlús-stoic na Scéime. A luaithe is a dheimhneofar go bhfuil an gabháltas ag comhlíonadh na gceanglas seo cuirfear an cás chun cinn le súil is íocaíocht a dhéanamh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Top
Share