Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 November 2012

Tuesday, 27 November 2012

Questions (439)

Dessie Ellis

Question:

439. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá curtha ar fáil don áisíneacht trasteorann, Foras na Gaeilge, don bhliain 2012 [52299/12]

View answer

Written answers

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a shocraíonn buiséad Fhoras na Gaeilge, atá mar ghníomhaireacht den Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh-Theas, An Foras Teanga. Táthar ag súil go gceadófar buiséid 2012 don Fhoras Teanga go foirmiúil ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle ar 12 Nollaig 2012.

Is é €15.438 milliún an tsuim airgid atá ar fáil i Vóta mo Roinne féin i leith an Fhorais Teanga i mbliana. Áirítear sa soláthar seo na buiséid a cheadóidh an Chomhairle d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise, mar aon le nithe imfhálaithe i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. San idirlinn, tá Foras na Gaeilge ag obair ar bhonn buiséid táscaigh.

Top
Share