Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 November 2012

Tuesday, 27 November 2012

Questions (440, 441, 442, 443)

Dessie Ellis

Question:

440. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén céatadán de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar thuarastail gach bliain ó 2008 [52300/12]

View answer

Dessie Ellis

Question:

441. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil fostaithe Fhoras na Gaeilge atá lonnaithe ó dheas ag feidhmiú faoi ráta tuarastail atá bunaithe ar an gciorclán is déanaí de chuid na Státseirbhíse, Ciorclán 28/2009 [52301/12]

View answer

Dessie Ellis

Question:

442. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar íocadh incrimintí le foireann Fhoras na Gaeilge ó 2008 [52302/12]

View answer

Dessie Ellis

Question:

443. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén céatadán de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar phinsin iarfhostaithe gach bliain ó 2008 [52303/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 440, 441, 442 agus 443 le chéile.

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na céatadáin de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a caitheadh ar thuarastail agus ar phinsin d'iarfhostaithe gach bliain ó 2008 go dáta:

Bliain

% Tuarastal

% Pinsean

d'iarfhostaithe

2008

11%

1%

2009

11%

2%

2010

13%

2%

2011

16%

2%

2012 (go 31.10.12)

15%

2%

Comhairlítear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú faoi rátaí tuarastail atá leagtha síos i gCiorclán 28/2009 agus go bhfuil incrimintí á n-íoc le foireann Fhoras na Gaeilge ó 2008.

Top
Share