Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 November 2012

Tuesday, 27 November 2012

Questions (549)

Éamon Ó Cuív

Question:

549. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste (Disadvantage Area Scheme) 2012 d'fheilmeoir (sonraí tugtha) [52204/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 11 Bealtaine 2012. Níl aon íocaíocht eisithe fós, áfach, mar nach gcomhlíonann gabháltas an té ainmnithe íos-cheanglais dlús-stoic na Scéime. A luaithe is a dheimhneofar go bhfuil an gabháltas ag comhlíonadh na gceanglas seo cuirfear an cás chun cinn le súil is íocaíocht a dhéanamh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Top
Share