Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 32 agus 51 le chéile.
Thóg an Rialtas cinneadh in 2011 go gcoinneodh Údarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna, lena n-áirítear an fheidhm fiontraíochta agus go dtabharfaí feidhm bhreise dó maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Tugadh feidhm reachtúil don chinneadh seo in Acht na Gaeltachta 2012.
Ina theannta sin, thóg an Rialtas cinneadh in 2011 go bhforbrófaí meicníocht chun an comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail a threisiú tuilleadh, go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Is sampla maith den chomhoibriú sin an infheistíocht shuntasach a d’fhógair an tÚdarás Forbartha Tionscail i gcuideachta i nGaeltacht na Gaillimhe níos túisce i mbliana.
Tuigtear dom nach gcoinníonn Údarás na Gaeltachta taifead ar leith de líon na gcuairteanna suímh a dhéantar gach bliain nó ní dhéantar aon idirdhealú idir na cuairteanna suímh a ghin an tÚdarás féin i gcomparáid le cinn a tháinig tríd an Údarás Forbartha Tionscail. Tá sé curtha in iúl ag an Údarás, áfach, go bhfuair a rannóg fiontraíochta agus fostaíochta thart ar 150 fiosrúchán le cúig bliana anuas agus go ndearnadh thart ar 60 cuairt suímh san iomlán sa tréimhse chéanna. Níl fiosrúcháin sna réigiúin maidir le tograí Gaeltacht-lonnaithe san áireamh sna figiúirí sin.