Skip to main content
Normal View

Tuarastail Rannach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Questions (39, 46)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

39. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé tar éis iarraidh ar aon bhall foirne ina Roinn, nó atá i gcomhlacht faoi scáth a Roinne, atá ag saothrú níos mó ná €200,000 sa bhliain mar thuarastal, 15% dá dtuarastal, nó an méid dá dtuarastal bliantúil atá os cionn €200,000, cibé acu is lú, a tharscaoileadh; agus má tá sin déanta aige, cén dáta ar a ndearna sé an teagmháil sin den chéad uair; cén líon de bhaill foirne a bhí ag saothrú tuarastail os cionn €200,000 ar an dáta sin; cén líon de bhaill foirne a thoiligh don iarratas sin; cén líon a dhiúltaigh don iarratas agus cén líon nár thug freagra ar an iarratas. [52976/12]

View answer

Sandra McLellan

Question:

46. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé tábla ar fáil a léiríonn an líon foirne atá ina Roinn, nó i gcomhlachtaí atá faoi scáth na Roinne, a raibh a luach saothair bliantúil, ar an 31 Nollaig 2011, lena n-áirítear tuarastal, pinsean agus sochair, os cionn €400,000, idir €300,000 agus €399,000, idir €200,000 agus €299,999, idir €150,000 agus €199,000, agus an dtabharfaidh sé miondealú ar na poist a bhí ag na daoine sna bandaí thuas [52975/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 39 agus 46 le chéile.

Tá sonraí sa tábla thíos den líon ball foirne de chuid mo Roinnse agus de chuid chomhlachtaí a thagann faoi choimirce mo Roinnse, mar aon leis na gráid ábhartha, sna réimsí tuarastal a luaitear.

Réimse tuarastal €

Líon foirne

Grád na foirne

€400,00 agus níos mó

-

Ní bhaineann

€300,000 go €399,999

-

Ní bhaineann

€200,000 go €299,999

-

Ní bhaineann

€150,000 go €199,000

1

Ard-Rúnaí

Mar is léir ón tábla, ní raibh aon bhall foirne de chuid mo Roinnse ná de chuid chomhlachtaí a thagann faoi choimirce mo Roinnse ag fáil luach saothair bliantúil ag leibhéal os cionn €200,000 ag 31 Nollaig 2011. Is amhlaidh atá i gcónaí.

Top
Share