Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 December 2012

Tuesday, 4 December 2012

Questions (338, 343)

Sandra McLellan

Question:

338. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta mar comhalta ar an choiste comhaireachtaan pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an structúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54044/12]

View answer

Sandra McLellan

Question:

343. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an structúr riachtanach a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54043/12]

View answer

Written answers

Molaim ceisteanna Uimh. 338 agus 343 a fhreagairt le chéile.

Mar chomhalta den Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, is féidir liom a rá go n-aithnítear an ról lárnach atá ag an bpobal i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus, ach go háirithe, i bhfeidhmiú pleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Faoi Acht na Gaeltachta, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Ciallaíonn an cur chuige seo go mbeidh an pobal ag croílár an phróisis pleanála teanga agus an deis tugtha dóibh úinéireacht a ghlacadh ar a bplean teanga féin ina bpobal féin.

Aithníonn Acht na Gaeltachta go mbeidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, ag cabhrú le pobail a gcuid pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Faoi láthair, tá céimeanna á dtógáil ag na páirtithe leasmhara éagsúla chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i gcomhar leis an bpobal sna ceantair éagsúla.

Top
Share