Skip to main content
Normal View

An Caighdeáin Oifigiúil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 December 2012

Tuesday, 4 December 2012

Questions (350, 351)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

350. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén taighde atá déanta ag a Roinn faoi na deacrachtaí oideachasúla a chruthódh athbhreithniú ar an gCaighdeán gach seacht mbliana. [54423/12]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

351. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir lena mholadh i mBille Choimisiúin Thithe an Oireachtais, an eol dó tíortha eile ar domhan a bhfuil réimis seacht mbliana acu idir athbhreithniú ar chaighdeán oifigiúil a dTeanga Náisiúnta, nó cén taighde teangeolaíochta a bhfuil sé ag brath air a léiríonn gur mar sin atá. [54424/12]

View answer

Written answers

Freagróidh mé Ceisteanna Uimh. 350 agus 351 le chéile.

Mar is eol don Teachta, foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil den chéad uair i 1958. Tuigtear dom go ndearna Rannóg an Aistriúcháin i gCoimisiún Thithe an Oireachtais athbhreithniú air thar na blianta agus gur foilsíodh leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil níos túisce i mbliana.

Faoin mBille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012, déantar foráil maidir le foilsiú agus athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil ag Coimisiún Thithe an Oireachtais uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad. Tuigtear dom go bhfuil sé i gceist athbhreithnithe a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil ar an mbonn seo chun soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha gramadaí, de réir mar is cuí. Ós rud é go dtuigtear dom nach mbeidh athruithe ó bhonn ar na bunrialacha gramadaí i gceist, ní fheictear dom go mbeidh impleachtaí substaintiúla ag an gcur chuige seo don chóras oideachais.

Tuigtear dom go bhfuil an cur chuige seo bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus gur nós é caighdeáin ghramadaí a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach ar bhonn idirnáisiúnta. Ag an am céanna, aithnítear nach maith an nós é an iomad athruithe ó bhonn a dhéanamh ar chaighdeáin ghramadaí toisc gur gá seasmhacht a bheith ag baint lena leithéid do lucht úsáidte teangacha. Is ar mhaithe le cothromaíocht a bhaint amach a dhéantar foráil leis an mBille d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.

Ní miste a rá go gceanglaítear leis an mBille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais dul i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis an Aire Oideachais agus Scileanna, leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, le páirtithe leasmhara eile agus leis an bpobal i gcoitinne le linn athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Top
Share