Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 December 2012

Thursday, 6 December 2012

Questions (66)

Éamon Ó Cuív

Question:

66. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad deontas a ceadaíodh do Chomhar Chuigéil ó 2007 go dáta, cé mhéad deontas díobh sin a íocadh amach, cén méid den airgead a ceadaíodh atá fós gan tarraingt, céard a chaithfear a dhéanamh leis an airgead seo a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54958/12]

View answer

Written answers

Seo a leanas sonraí na ndeontas atá ceadaithe do Chomhar Chuigéal Teo. faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne ó 2007 go dáta:

Sonraí an deontais

Ceadaithe

Íoctha

Fuílleach

Obair athchóirithe ar an gclós (2008)

30,582

20,182.06

10,399.94

Athchóiriú an chórais séarachais (2012)

18,222

0

18,222.00

Iomlán

48,804

20,182.06

28,621.94

Sa chaoi is go mbeifear in ann fuílleach an dá dheontais thuasluaite a chúiteamh, bheadh gá bailchríoch a bheith curtha leis an ngné a bhaineann leis an ngníomhas cúnaint agus muirir. Tuigtear dom go bhfuil an t-ábhar seo á leanúint suas leis na páirtithe cuí. Maidir leis an deontas i leith an chórais séarachais, ní foláir don iarratasóir na coinníollacha eile a cuireadh leis an deontas ag am a cheadaithe a chomhlíonadh. Tuigtear dom go bhfuil sé sin mínithe don chomharchumann.

Top
Share