Skip to main content
Normal View

Scéim Liúntais Cúitimh do Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 December 2012

Tuesday, 11 December 2012

Questions (425)

Éamon Ó Cuív

Question:

425. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Chun a fhiafraí den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nár íocadh airgead faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste, disadvantage area scheme, do 2012 le feirmeoir (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55577/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 4 Bealtaine 2012. Níl aon íocaíocht eisithe fós, áfach, mar nach gcomhlíonann gabháltas an té ainmnithe íos-cheanglais dlús-stoic na Scéime. A luaithe is a dheimhneofar go bhfuil an gabháltas ag comhlíonadh na gceanglas seo cuirfear an cás chun cinn le súil is íocaíocht a dhéanamh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Top
Share