Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 December 2012

Thursday, 13 December 2012

Questions (14)

Seán Fleming

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Sean Fleming den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil in 2013 agus 2014 do chalafort domhain-uisce i Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55984/12]

View answer

Written answers

Cuireann an Clár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cósta agus Chuanta Iascaigh, a ndéanann mo Roinnse riaradh air ar bhonn bliantúil, maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitil ag sé Ionad Cuain Iascaigh lena n-áirítear Ros an Mhíl.

Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ar chlár céimithe d’fhorbairt infreastruchtúir ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl faoinar déanadh infheistíocht shuntasach (suas le €14 milliún) sa chuan. Infheistíocht faoinar déanadh báisín an chuain a dhreidgeáil, pontúin nua-aimseartha do bháid farantóireachta a dhéanamh agus a fheistiú a chuireann áit bordála den chéadscoth ar fáil do mhuintir Árann agus do chuairteoirí chomh maith leis an gcuan a réiteach ina chuan d’árthaigh bheaga. Ó bhliain go bliain a leithroinntear maoiniú faoin gClár Forbartha Caipitil Cósta agus Chuanta Iascaigh de réir mar a bhíonn acmhainní Státchiste ar fáil. Breithnítear tionscadail, lena n-áirítear cé domhain-uisce ag Ionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl, do mhaoiniú gach bliain de réir an mhaoinithe Státchiste a bhíonn ar fáil chomh maith le tionscnaimh eile tús áite a bheadh i gcomórtas leo.

Question No. 15 answered with Question No. 11.
Top
Share