Skip to main content
Normal View

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 December 2012

Tuesday, 18 December 2012

Questions (226, 227)

Charlie McConalogue

Question:

226. D'fhiafraigh Deputy Charlie McConalogue den Aire Oideachais agus Scileanna an dtuigeann sé an baol a bhaineann leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a lonnú san fhoirgneamh céanna leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, mar ós fíric idirnáisiúnta í go dtéann mórtheanga i bhfeidhm ar mhionteanga agus ós rud é go mbeidh i bhfad Éireann níos mó daoine ag obair le CNCM tá an-bhaol ann do theanga oibre COGG; ag breathnú siar anois air, an fearr an cinneadh maidir le CNCM agus COGG a lonnú le chéile a fhreaschur; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56596/12]

View answer

Charlie McConalogue

Question:

227. D'fhiafraigh Deputy Charlie McConalogue den Aire Oideachais agus Scileanna an mbeidh sé de dhualgas ar fhoireann na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, níos mó Béarla a úsáid ina gcuid oibre de thoradh an chinnidh a rinne sé COGG a chur faoi choimirce na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta; ag breathnú siar anois air, an fearr an cinneadh sin a fhreaschur; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56597/12]

View answer

Written answers

Tá sé de rún agam Ceisteanna Uimh. 226 and 227 a fhreagairt le chéile. Bheinn ag súil le COGG a bheith ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích i gcónaí de réir mar a bhaineann leis an nGaeilge, trí Ghaeilge, agus ag déanamh cumarsáide leis an bpobal sa chaoi chéanna is a ndéanann siad faoi láthair.

Top
Share