Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Sláinte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 December 2012

Tuesday, 18 December 2012

Questions (631)

Éamon Ó Cuív

Question:

631. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth nach bhfuil vacsaín BCG ar fáil do pháistí nuabheirthe i gContae na Gaillimhe nuair atá an vacsaín ar fáil do pháistí nuabheirthe i gcontaetha eile timpeall na tíre; an bhfuil sé i gceist aige socruithe a chur i bhfeidhm leis an vacsaín BCG a chur ar fáil do pháistí nuabheirthe i gContae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56652/12]

View answer

Written answers

Molann an An Coiste Comhairleach Imdhíonadh Náisiúnta (CCIN) polasaí vacsaín BCG uilíoch a bheith i bhfeidhm. Le blianta fada anuas, tugtar vacsaín BCG do pháistí bunscoile i réigiúin Iarthair na Feidhmeannachta Seirbhíse Sláinte (FSS) i ranganna 5 agus 6 agus do pháistí nuabheirthe sna hearnála “i mbaol”. Leantar leis an gcleachtas seo, atá éifeachtach maidir le torthaí, le comhaontú an CCIN. Is í 2010 an bhliain is déanaí faoina bhfuil figiúirí bailíochtaithe le haghaidh eipidéimeolaíocht eitinne in Éirinn ar fáil. I 2010, b’é 10.1 as 100,000 an ráta náisiúnta minicíochta eitinne sa daonra (ráta a réisigh ó 5.1 i réigiún Iarthair na FSS go 14.5 sa Deisceart). B’í 41.4 bliana an aois meánach do chásanna eitinne fógartha.

Top
Share