Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Questions (121)

Éamon Ó Cuív

Question:

121. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén dul chun cinn atá déanta maidir le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do Ghaelscoil de hÍde ar an Órán Mór, Co. na Gaillimhe, cad é údar na moille leis an togra seo le bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57708/12]

View answer

Written answers

Cuireadh tionscadal mór caipitil don scoil dá dtagraíonn an Teachta san áireamh sa chlár 5 bliana infheistíochta caipitil a fógraíodh siar sa bhliain, le súil go dtosófaí ar an dtógáil in 2015/2016. Tá fáil an tsuímh don fhoirgneamh nua scoile ag ardchéim agus sa chomhthéacs sin, tá sé i gceist an tionscadal seo a chur ar aghaidh go dtí an pleanáil ailtireachta go gairid.

Top
Share