Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Questions (122)

Éamon Ó Cuív

Question:

122. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad scoil a bhfuil céim 2B den phróiseas tógála críochnaithe acu, idir scoileanna céad leibhéil agus dara leibhéal, agus nach bhfuil san áireamh i bplean tógála cúig bliana na Roinne, cad iad ainmneacha agus cad í uimhir rolla gach scoile acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57710/12]

View answer

Written answers

Tá naoi dtionscadal ann faoi láthair a bhfuil céim den phleanáil ailtireachta críochnaithe acu agus nach bhfuil curtha san áireamh sa chlár tógála chúig bliana. Orthu seo tá 6 Bhunscoil agus 3 Iar-bhunscoil. Féach an tábla leis seo le do thoil. Mar gheall ar éilimh iomaíocha ar bhuiséad caipitil mo Roinne, de bharr an riachtanais le tús éilimh ar an mhaoiniú teoranta a thabhairt do chóiríocht bhreise a sholáthar chun freastal ar na héilimh mhéadaitheacha dhéimeagrafacha, níorbh fhéidir na tionscadail seo a chur san áireamh sa chlár tógála chúig bliana a fógraíodh siar sa bhliain. Cuirfear ar aghaidh scoileanna nach raibh san áireamh sa chlár tógála chúig bliana, ach a bhí fógartha ar dtús le bheith san áireamh sa chlár tógála, chuig na céimeanna deiridh pleanála le súil go mbeidh maoiniú breise ar fáil do mo Roinn sna blianta amach anseo. Tá na tionscadail dá dtagraíonn an Teachta ar fáil i gcónaí lena bhreithniú do chur ar aghaidh sa chomhthéacs sin.

Tionscadail Tógála Scoile a bhfuil Céim 2(b) den Phleanáil Ailtireachta críochnaithe acu agus nach bhfuil san áireamh sa Chlár Tógála Chúig Bliana (19/12/2012)

School Name

Address

County

Roll Number

Gaelscoil Mhic Amhlaigh

Knocknacarra

Galway

19994G

Sn Sailearna

Indreabhán

Galway

12706J

Holy Family NS

Ballyshannon

Donegal

20150H

Sn Cill Criodain

Ladysbridge

Cork

19351K

St Johns & St Pauls NS

Rathmullan

Louth

19479N & 19678T

Scoil Iosagain

Farranree

Cork

18786R

St Patricks Cathedral Grammar School

St Patrick’s Close

Dublin

60660I

Holy Rosary College

Mountbellew

Galway

63090I

St Raphael’s College

Loughrea

Galway

60370C

Top
Share