Skip to main content
Normal View

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Questions (172)

Éamon Ó Cuív

Question:

172. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte aige ó Scoil Shailearna, Indreabhán nó ó Chomharchumann Shailearna ar pháirc imeartha a thógáil taobh ó thuaidh den scoil, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57713/12]

View answer

Written answers

Bhí áthas orm a bheith in ann deontas de €161,242 a cheadú do Chomharchumann Shailearna Teo le déanaí i leith raon ábhar agus oibreacha éagsúla. Chomh maith leis sin, cheadaigh mé deontas de €13,957 do Scoil Náisiúnta Sailearna chun páirc spraoi a fhorbairt ar mhaoin na scoile.

Top
Share