I propose to take Questions Nos. 173 and 174 together.
Mar atá ráite agam roimhe seo, tá sé aitheanta nach bhfuil córas na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla gan laigí, agus gur próiseas casta atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh fosta gur féidir leis an bpróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an mbrú ar acmhainní, mar atá i láthair na huaire.
Mar is eol don Teachta, tá athbhreithniú ar chóras na scéimeanna teanga mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Maidir leis an athbhreithniú sin, tá anailís déanta ar na haighneachtaí go léir a fuarthas faoin bpróiseas comhairliúcháin poiblí. Chomh maith leis sin, tá breithniú ar an gcás do leasú na reachtaíochta ag teacht chun críche agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas moltaí cuí i dtaca leis sin a chur faoi bhráid an Rialtais sar i bhfad.
Tá 9 scéim teanga daingnithe go dáta i mbliana, rud a chiallaíonn go bhfuil 108 céad scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Sa bhreis air sin, tá 122 dréachtscéim á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí faoi láthair agus tá plé leanúnach agus gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí ina dtaobh sin. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an bplé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna á ndaingniú agam go luath.
Tá sé tábhachtach a threisiú go bhfanann forálacha gach scéim teanga atá daingnithe i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.