Skip to main content
Normal View

Ceadúnas Imeal Trá agus Dobharshaothraithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 January 2013

Thursday, 17 January 2013

Questions (175)

Éamon Ó Cuív

Question:

175. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéad aighneacht atá faighte ag a Roinn i leith an iarratais atá déanta ag Bord Iascaigh Mhara ar cheadúnas le haghaidh feirm mhór éisc a lonnú i gCuan na Gaillimhe idir cósta Chontae an Chláir agus Inis Oírr; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2114/13]

View answer

Written answers

Tá an chéim Comhairliúcháin Phoiblí maidir leis an iarratas ar Cheadúnas Imeal Trá agus Dobharshaothraithe a ndearna an Teachta tagairt dó thart anois agus tá 409 aighneacht bhailí ar fad faighte ag mo Roinn. Tá breithniú á dhéanamh ag mo Roinn faoi láthair ar an iarratas agus ar an Ráiteas Tionchair Timpeallachta a ghabhann leis de réir fhorálacha an Achta Iascaigh (Leasú) 1997 agus an Achta Imeall Trágha 1933.

Déanfar cinneadh maidir leis an iarratas chomh luath agus is féidir. Ní bheadh sé cóir domsa tuilleadh a rá faoin iarratas seo atá faoi bhreithniú gníomhach mar chuid de phróiseas reachtúil.

Top
Share