Éamon Ó Cuív
Question:536. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hAchomharc ar Mhaolú atá déanta ag feirmeoir (sonraí leis seo) [2530/13]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 22 January 2013
536. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hAchomharc ar Mhaolú atá déanta ag feirmeoir (sonraí leis seo) [2530/13]
View answerFaoin Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, tá dhá chritéar le comhlíonadh maidir le capaill. Sa chéad áit, ní mór don ghabháltas an sainmhíniú a chomhlíonadh maidir le bheith ina Fhiontar Póraithe Chapall agus sa dara háit, ní mór do na capaill, d'fhonn a bheith curtha san áireamh chun críocha dlúis stocála, a bheith idir bliain amháin agus cúig bliana d'aois agus, san áit ina bhfuil siad níos sine, ní mór dóibh a bheith ina láir pórúcháin chun críocha na Scéime.
I gcás an duine ainmnithe, cé go gcomhlíonann an gabháltas an sainmhíniú maidir le bheith ina Fhiontar Póraithe Chapall, faraor, ós rud é go bhfuil trí chapall as na ceithre chapall ar cuireadh pasanna ar fáil dóibh, níos sine ná cúig bliana d'aois agus nach gcomhlíonann siad an sainmhíniú maidir le bheith ina láir pórúcháin, ní féidir iad a chur san áireamh chun críocha dlúis stocála. Dá bhrí sin, níl an duine ainmnithe incháilithe faoin Scéim 2012.