Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Questions (117, 118)

Peadar Tóibín

Question:

117. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá ar siúl faoi láthair; an ndéanfaidh sé amscála a chur ar fáil don athbhreithniú sin; agus cathain a bheidh sé i gceist aige na haighneachtaí a fhoilsiú. [4705/13]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh sé ar intinn aige Bille nua um Theangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4706/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 117 agus 118 le chéile. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh ar an 15 Eanáir, táthar ag súil bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht. Mar a thuigfidh an Teachta, braitheann an t-amscála ar go leor tosca, lena n-áirítear an plé cuí leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus an sceideal reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair chun moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i dtaca le leasú an Achta. Mar is eol don Teachta, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht anuraidh. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha.

Top
Share