Skip to main content
Normal View

Seachtain na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Questions (120)

Peadar Tóibín

Question:

120. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá eagraithe aige le haghaidh Sheachtain na Gaeilge 2013. [4709/13]

View answer

Written answers

Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Is é Conradh an Gaeilge a eagraíonn an fhéile a bheidh ar siúl i mbliana ón 4 go 17 Márta 2013. Tuigtear dom go mbeidh na céadta imeachtaí á n-eagrú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain mhóir. Tréaslaím le gach duine a bheidh páirteach in eagrú na n-imeachtaí éagsúla as a dtionscnaíocht agus as a ndúthracht.

Ní miste a rá nach í Seachtain na Gaeilge amháin atá á ceiliúradh ag Conradh na Gaeilge i mbliana. Tá Bliain na Gaeilge eagraithe ag an gConradh fosta mar chomóradh ar bhunú na heagraíochta 120 bliain ó shin. Tuigtear dom go mbeidh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mar chroílár an cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge. Tá eolas maidir leis na tionscnaimh seo le fáil ar na suíomhanna gréasáin www.snag.ie agus www.gaeilge2013.ie .

Top
Share