Skip to main content
Normal View

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Questions (25)

Michael P. Kitt

Question:

25. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun níos mó fostaíochta a chur ar fáil sa Ghaeltacht, an mbeidh comhlacht nua are nós LEADER á bhunú sa Ghaeltacht. [4456/13]

View answer

Written answers

Deirtear i ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta don bhliain 2012 gur cruthaíodh 700 post nua i gcliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta in 2012. Bhí 7,553 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, lena n-áirítear 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glan-chaillteanas de 37 post i gceist i gcliantchuideachtaí an Údaráis in 2012. Bhí an líon post a cailleadh in 2012 ar an ráta caillteanais phost is lú a bhí ag an Údarás le níos mó ná deich mbliana anuas. Tháinig ardú le linn 2012 ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí a bhí ag feidhmiú sna hearnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus saindéantúsaíochta agus lean an leibhéal díolacháin agus fostaíochta ag fás i gcomhlachtaí easpórtála de chuid an Údaráis.

Le linn 2012, cheadaigh an tÚdarás tograí ina mbeidh suas le 460 post nua measta á gcruthú iontu agus infheistíocht mheasta de €37 milliún san iomlán ag baint leo nuair a bheidh siad faoi lánseol. Beidh go leor de na poist seo ag teacht chun cinn ón mbliain seo ar aghaidh. Is údar dóchais ar leith é gur cheadaigh an tÚdarás Forbartha Tionscail tacaíocht in 2012 do 220 post nua do chliantchuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara.

Déanann Údarás na Gaeltachta scéimeanna áirithe, atá maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, a bhainistiú sa Ghaeltacht:

- an Scéim Fostaíochta Pobail;

- an Scéim Shóisialta Tuaithe;

- Tús; agus

- Tús Nua.

In 2012, bhí os cionn 960 rannpháirtí agus 47 saoiste fostaithe ar na scéimeanna seo. Is cinnte go bhfuil ról tábhachtach ag na scéimeanna seo maidir le gníomhaíochtaí forbartha pobail agus teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Mar chuid dá bheartas straitéise sa todhchaí, tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta tacú le cruthú fostaíochta in eochair-earnálacha ar nós acmhainní nádúrtha agus mara, eolaíochtaí beatha, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, turasóireacht chultúrtha, déantúsaíocht nideoige, innealtóireacht, bia agus fiontair bhreisluacha eile. Maidir le comhlacht nua ar nós LEADER a bhunú sa Ghaeltacht, is ceist í seo do mo chomhghleacaí, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, a bhfuil cúram air i ndáil le fo-chlár LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013 a bhainistiú.

Top
Share