Skip to main content
Normal View

Wednesday, 30 Jan 2013

Written Answers Nos. 38 - 45

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Questions (40, 119)

John Browne

Question:

40. D'fhiafraigh Deputy John Browne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain. [4458/13]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

119. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé chomh minic atá an Fochoiste Idir-Rannach ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge tar éis teacht le chéile; cathain a bhí an cruinniú deireanach aige; cén dul chun cinn atá déanta aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4708/13]

View answer

Written answers

Molaim ceisteanna Uimh. 40 agus 119 a fhreagairt le chéile.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm. Déanann mo Roinn é seo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara éagsúla, ar a n-áirítear ach go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ós rud é go bhfuil an lárfhreagracht ar mo Roinn don Straitéis, tugadh faoi chéim an bhunaithe den Straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin Straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta a thugann bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a thugann ról lárnach sa phleanáil teanga d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge. Ní miste a nótáil go bhfuil sé beartaithe tuarascáil a fhoilsiú i mbliana maidir leis an dul chun cinn faoin Straitéis go dáta.

Ar ndóigh, eagraítear cruinnithe de réir mar is gá

- den Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh;

- den Ghrúpa Idir-Rannach, atá faoi mo chathaoirleacht féin; agus

- de na grúpaí oibre atá bunaithe leis na páirtithe leasmhara éagsúla chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh na Straitéise.

Ó thaobh an Ghrúpa Idir-Rannach de, tionóladh trí chruinniú den ghrúpa áirithe sin ar 8 Feabhra, 27 Meitheamh agus 13 Nollaig 2012.

Question No. 41 answered with Question No. 27.
Question No. 42 answered with Question No. 15.
Question No. 43 answered with Question No. 16.
Questions Nos. 44 and 45 answered with Question No. 7.
Top
Share