Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Cúirte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2013

Tuesday, 5 February 2013

Questions (637, 638)

Éamon Ó Cuív

Question:

637. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil aon chinneadh déanta chun aon cheann de na tithe cúirte seo a leanas a dhúnadh - An Spidéal, Contae na Gaillimhe agus Doire an Fhia i gCasla, Conamara, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5355/13]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

638. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil sé i gceist leanúint le héisteacht chásanna na Cúirte Dúiche i gCill Rónáin, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5356/13]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 637 and 638 together.

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna agus tá an tSeirbhís neamhspleách i bhfeidhmiú a feidhmeanna, ar a n-áirítear cóiríocht a chur ar fáil le haghaidh suíonna cúirte.

Chun cuidiú leis an Teachta, áfach, chuir mé fiosrúcháin á ndéanamh agus tá curtha in iúl dom go bhfuil an tSeirbhís Chúirteanna tar éis bheith ag gabháil d’athbhreithniú ar gach gné dá cuid struchtúr eagrúcháin agus oibríochta ar fud na tíre agus é mar shainchuspóir a chinntiú gur féidir leis an tSeirbhís leanúint uirthi ag coinneáil ag seachadadh seirbhísí cúirte líne tosaí, mar aon le leibhéal cuí seirbhíse, ar lucht úsáidte cúirte. Tuigtear dom nár díríodh go sonrach ar aon ionad cúirte ar leith don phróiseas athbhreithnithe ná go deimhin nach ndearnadh aon ionad cúirte a shaoradh ón bpróiseas. Sa chomhthéacs seo, rinneadh na tithe cúirte i gCill Rónáin, i nDoire an Fhéich agus sa Spidéal a shainaithint mar ionaid ar cheart go ndéanfaí breithniú maidir lena ndúnadh, faoi réir measúnaithe mhionsonraithe agus cás gnó a ullmhú.

Tríd an bpróiseas seo, tá creat ginearálta bunaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna a bhfuil measúnú á dhéanamh ar ionaid den chineál sin laistigh de, ag cur san áireamh réimse critéar, ar nós líon na gcásanna, cóngaracht do mhalairt ionaid, staid fhisiceach an fhoirgnimh, cillíní a bheith ar fáil, srl. Cuirtear an tionchar dóchúil ar ghníomhaireachtaí eile Ceartais, ar nós an Gharda Síochána agus Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, san áireamh freisin. Rinneadh réimse ionad ar fud an náisiúin a shainaithint san athbhreithniú a bhféadfaí, bunaithe ar na critéir a cuireadh i bhfeidhm, breithniú a dhéanamh maidir lena ndúnadh, faoi réir measúnaithe mhionsonraithe agus cás gnó a ullmhú i leith gach ionaid a sainaithníodh, agus tá tús curtha leis sin anois.

Tá curtha in iúl ag an tSeirbhís Chúirteanna dom go bhfuil próiseas comh-chomhairliúcháin curtha i gcrích i leith Chill Rónáin, Dhoire an Fhéich agus an Spidéil agus cuirfear na tuairimí a léiríodh san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta, ar ghnó é sin do Bhord na Seirbhíse Cúirteanna. Tá ráite ag an tSeirbhís Chúirteanna freisin go ndéanfar cás gnó a ullmhú anois agus, má táthar chun a mholadh go ndéanfaí aon cheann de na hionaid thuas a dhúnadh, tabharfar deis eile do na daoine a ndeachthas i gcomhairle leo chun aighneachtaí a dhéanamh agus déanfaidh Bord na Seirbhíse Cúirteanna na haighneachtaí sin a bhreithniú. Is é Bord na Seirbhíse Cúirteanna a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach.

Top
Share