Skip to main content
Normal View

Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2013

Tuesday, 5 February 2013

Questions (738)

Éamon Ó Cuív

Question:

738. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste (Disadvantaged Area Based Scheme) do 2012 le feirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5670/13]

View answer

Written answers

Ós rud é gur cuireadh próiseáil iarratas Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 an duine ainmnithe i gcrích le déanaí, eiseofar íocaíocht ar an gcuntas bainc ainmnithe go luath.

Níor eisíodh an íocaíocht roimhe seo ós rud é nár dearbhaíodh go dtí le déanaí gur chomhlíon an gabháltas i gceist riachtanais íosdlúis stocála na scéime. Dhearbhaigh gníomh a chuireann sonraí mhí na Nollag 2012 san áireamh, a rinneadh le déanaí, suíomh cinntitheach an ghabháltais.

Top
Share