Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 February 2013

Thursday, 21 February 2013

Questions (152)

Éamon Ó Cuív

Question:

152. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon measta scoláirí a n-íocfar deontas ina leith sa mbliain 2013 faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9381/13]

View answer

Written answers

Tá mé cinnte go dtuigeann an Teachta nach féidir meastachán cruinn a dhéanamh ag an tráth seo ar líon na scoláirí a dhéanfaidh freastal ar chúrsaí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht in 2013.

Cé gur tháinig laghdú ar líon na bhfoghlaimeoirí le blianta beaga anuas – a bhuíochas sin don chúlú eacnamaíochta, ní foláir - tá CONCOS, an eagraíocht ionadaíochta do na coláistí Gaeilge, ag déanamh gach iarracht an meath seo a fhreaschur i mbliana le tacaíocht ó mo Roinnse. Mar Aire Stáit, ba mhaith liomsa, ar ndóigh, nach mbeadh titim ar na huimhreacha arís i mbliana agus tabharfaidh mo Roinn aon chúnamh gur féidir do CONCOS chun an sprioc sin a bhaint amach.

Top
Share