Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 February 2013

Wednesday, 27 February 2013

Questions (197)

Peadar Tóibín

Question:

197. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé liosta a sholáthar de na hirisí agus de na nuachtáin a fuair cúnamh deontais ó Roinn na Gaeltachta, Bord na Gaeilge, Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta ó 1980; agus an ndéanfaidh sé faisnéis a sholáthar i bhfoirm tábla maidir leis an dá bhliain dheireanacha a raibh foilseacháin i gcló lena linn, nó leis na blianta 2011 agus 2012 i gcás foilseacháin atá fós i gcló, is faisnéis i dtaobh cén deontas a fuair na foilseacháin sin, cad é líon na ndaoine a bhí fostaithe leo, cad é líon na gcóipeanna a díoladh i siopaí de réir an eagráin (go laethúil, go seachtainiúil, go míosúil nó de réir cibé minicíochta foilsitheoireachta a bhí acu) agus cad é líon na gcóipeanna a cheannaigh síntiúsóirí de réir an eagráin (go laethúil, go seachtainiúil, go míosúil nó de réir cibé minicíochta foilsitheoireachta a bhí acu). [10586/13]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is ar Fhoras na Gaeilge atá an príomhchúram i ndáil le foilsitheoireacht na Gaeilge, ar a n-áirítear cúnamh a chur ar fáil do nuachtáin nó irisí atá á bhfoilsiú trí Ghaeilge. Tuigtear dom ón bhForas go bhfuil cúnamh curtha ar fáil do nuachtáin agus irisí mar seo a leanas ó bunaíodh é i mí na Nollag 1999: , Lá Nua, Foinse, Gaelscéal, Comhar, An Sagart, An Timire, NÓSmag, Feasta agus An tUltach. Maidir leis na sonraí atá iarrtha ag an Teachta, tuigim ón bhForas go gcuirfear an t-eolas cuí le chéile agus go seolfar é go díreach chuig an Teachta a luaithe agus is féidir. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, níor thug agus ní thugann an tÚdarás fóirdheontas reáchtála d’aon fhoilsitheoirí nuachtáin nó irise. É sin ráite, tuigtear gur chuir an tÚdarás cúnamh i leith fostaíochta agus oiliúna ar fáil ón mbliain 1980 do chomhlachtaí áirithe foilsitheoireachta nuachtáin agus irisí Gaeilge i ndáil le poist a cruthaíodh sna comhlachtaí sa Ghaeltacht. Tá an t-eolas ábhartha sa tábla thíosluaite.

Foilsitheoir

Foilseachán

Deontas

Tréimhse

Móinéar Teo

Foinse

€72,223

1996 -2001

Foilseacháin an Phobail Teo.

Cuisle

€19,046

1998-1999

Foilseacháin na Ríochta Teo.

Anseo sa Ríocht agus ar fud na Tíre

€12,697

1999

Preas na Gaeltachta

€49,600

2004 -2006

Maidir le mo Roinn féin, aistríodh an fhreagracht maidir le nuachtáin agus irisí go dtí Foras na Gaeilge nuair a bunaíodh é i 1999. Ní bheadh teacht ar na sonraí atá iarrtha ag an Teachta don tréimhse ó 1980 go 1999 gan chuardach a dhéanamh ar bhonn forleathan sna comhaid ábhartha atá curtha i dtaisce i stóras seachtrach. Ní léir dom an tairbhe a thiocfadh as an dua suntasach a bheadh i gceist chun é sin a dhéanamh.

Top
Share