Skip to main content
Normal View

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 March 2013

Tuesday, 12 March 2013

Questions (514)

Éamon Ó Cuív

Question:

514. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste, 2012 le duine (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12540/13]

View answer

Written answers

Faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, ní mór do ghabháltais a bheadh ag iarratasóirí incháilithe íos-cheanglais dlús-stoic de 0.15 aonad beostoic ar feadh tréimhse coinneála sé mhí as a chéile a chomhlíonadh, chomh maith le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád, arna ríomh thar an dá mhí dhéag de bhliain na scéime. De bharr nach bhfuil sé léirithe fós ag an iarratasóir go sásaíonn an gabháltas íos-cheanglais dlús-stoic na scéime faoi láthair, níl aon íocaíocht dlite i ndáil le Scéim 2012.

Top
Share