Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (12)

Pearse Doherty

Question:

12. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dhéanfaid sé ráiteas maidir le hionadaíocht ó na Gaeltachtaí beaga ar Bhord an Údaráis ós rud é nach mbeidh ionadaíocht lánaimseartha ag Gaeltacht na Mí ar an bhord, agus go bhfuil ionadaithe ón dá Ghaeltacht bheaga eile ainmnithe aige ar an bhord. [13095/13]

View answer

Written answers

Tá réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha agam ar bhord Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an ionadaíocht reatha atá ar an bhord gach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina dhlínse, Contae na Mí san áireamh. Tá mé sásta, dá réir, go bhfuil an bord nua atá ag Údarás na Gaeltachta ionadaíoch do phobal na Gaeltachta i gcoitinne.

Creidim go gcuirfidh na ceapacháin atá déanta agam le cumas Údarás na Gaeltachta feidhmiú go héifeachtach agus go straitéiseach chun leas teangeolaíoch, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a threisiú i gcomhréir le feidhmeanna reachtúla na heagraíochta.

Top
Share