Tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag mo Roinn do thuismitheoirí mar cheann de na bearta atá á gcur i bhfeidhm mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a sheol mé i mí Aibreáin 2012. Tá sé mar aidhm ag an bpacáiste tacaíochta tacú níos fearr le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag súil le páiste agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge, chomh maith le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil páistí réamhscoile le Gaeilge nó gur mhaith leo a bpáistí réamhscoile a thógáil le Gaeilge. Is ar theaghlaigh de bhunadh na Gaeltachta atá an tionscnamh seo dírithe go príomha, cé go n-aithnítear go bhfuil éileamh ar an bpacáiste tacaíochta chomh maith lasmuigh den Ghaeltacht.
Go nuige seo, tá 639 pacáiste dáilte ar theaghlaigh, lena n-áirítear 173 chuig seoltaí poist sa Ghaeltacht, 450 chuig seoltaí poist eile in Éirinn agus 16 seolta chuig teaghlaigh thar lear. Tá infheistíocht €30,389 déanta go dtí seo sa tionscnamh. Is léir, mar sin, go bhfuil éileamh suntasach ar an bpacáiste agus go bhfuil cuid mhaith den éileamh sin ag teacht ón nGaeltacht.
Níor mhiste a nótáil go bhfuil rath an chláir i ndeireadh báire ag brath ar mhian agus ar thoil an phobail féin. Leanfaidh mo Roinn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, le gach iarracht is gá a dhéanamh - laistigh de na hacmhainní atá ar fáil – d'fhonn a chinntiú go n-ardaítear feasacht phobal na Gaeltachta faoin gceist agus go spreagfar tuismitheoirí dá réir chun an Ghaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh.