Skip to main content
Normal View

Comharchumainn Ghaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (22)

Peadar Tóibín

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá á dhéanamh ag an Roinn chun cabhrú le Comharchumainn Ghaeltachta atá faoi bhrú le fiacha móra. [13091/13]

View answer

Written answers

Cuireann mo Roinn soláthar airgid bhliantúil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, a chuireann ar a chumas tacaíochtaí a thabhairt do réimse gníomhaíochtaí agus eagraíochtaí, ar a n-áirítear na comharchumainn Ghaeltachta. Tuigfidh an Teachta, dá réir, gur ar an Údarás a luíonn an fhreagracht gnóthaí maidir leis na comharchumainn a láimhseáil.

Ina thaobh sin de, tuigtear dom ón Údarás go bhfuil córas i bhfeidhm chun cabhrú ar bhonn réamhghníomhach le comharchumainn atá ag dul i ngleic le deacrachtaí airgeadais, má bhíonn a leithéid acu. Mar chuid den phróiseas seo, déantar:

- scrúdú ar bhealaí chun barrchostais a laghdú;

- scrúdú ar na féidearthachtaí maidir le maoin a dhíol chun dliteanais a laghdú; agus

- socruithe le hinstitiúidí airgeadais maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar fhiacha agus/nó iasachtaí atá ag seasamh amach.

Top
Share