Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (24)

Mary Lou McDonald

Question:

24. D'fhiafraigh Deputy Mary Lou McDonald den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le cad atá á dhéanamh ag a Roinn, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge, chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí nuachta clóite á soláthar mar is cuí don phobal, agus go mbeidh fáil sách leathan ar na meáin Ghaeilge. [13104/13]

View answer

Written answers

Is ar Fhoras na Gaeilge atá an phríomhchúram i ndáil le foilsitheoireacht na Gaeilge, lena n-áirítear seirbhísí nuachta clóite a sholáthar mar is cuí don phobal. Tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú le suirbhé a dhéanamh ar an gceist áirithe seo agus go mbeidh sraith de ghrúpaí fócais á reáchtáil acu ar fud na tíre. Is é an aidhm a bhaineann leis na céimeanna sin a ghlacadh ná chun fáil amach cén cineál seirbhíse nuachta clóite go baileach atá de dhíth ó phobal na Gaeilge. Tuigtear dom go mbeidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoin obair sin gan mhoill.

Top
Share