De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá 32% dá chuid aonad inligthe folamh faoi láthair, is é sin 142 aonad folamh as 440 aonad san iomlán.
Tógadh go leor d’aonaid thionsclaíocha Údarás na Gaeltachta sna seachtóidí agus tuigtear dom go bhfuil tuairim is 60% de na haonaid atá folamh fochaighdeánach. Dá bhrí sin, níl siad sa staid gur féidir iad a ligean le tionóntaí faoi láthair agus theastódh uasghrádú agus infheistíocht shubstaintiúil chun iad a thabhairt go dtí an chaighdeán atá riachtanach d’fhiontair nua-aimseartha an lae inniu.
Tuigtear dom go bhfuil sé mar sprioc ag an Údarás 10% de na haonaid atá folamh a uasghrádú in 2013/2014, is é sin 9 n-aonad ar chostas iomlán infheistíochta de thart ar €1.8m.
Tá liosta de na haonaid atá folamh faoi láthair briste síos de réir contae sa tábla leis seo.