Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (29)

Jonathan O'Brien

Question:

29. D'fhiafraigh Deputy Jonathan O'Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad limistéar atá roghnaithe ó thaobh plean teanga a chur i bhfeidhm; cad iad na hacmhainní atá á gcur ar fáil do na limistéir seo; cad iad na pleananna oibre atá aontaithe, agus an dtabharfaidh sé míniú maidir le cad atá ar intinn aige a dhéanamh maidir leis na limistéir nach bhfuil plean réitithe acu le cur i bhfeidhm. [13101/13]

View answer

Written answers

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. I gcomhréir leis an Acht sin, déanfar an Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair a athshainiú mar Limistéir Pleanála Teanga, ag baint leas as critéir pleanála teanga. Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le mo Roinn, maidir le sainiú cuí a dhéanamh ar na limistéir éagsúla atá i gceist.

Faoin Acht, is é an tÚdarás atá freagrach as roghnú na n-eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga i gcomhar leis an bpobal. Tuigtear dom go bhfuil obair ullmhúcháin idir lámha ag an Údarás ina leith sin. Ní miste a rá go dtabharfar deis do gach uile cheantar Gaeltachta a bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála teanga.

Maidir le hacmhainní airgid, tá allúntas reatha de €3.4m ag Údarás na Gaeltachta i mbliana atá le caitheamh ar ghníomhaíochtaí teanga sa Ghaeltacht agus ar an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Ina theannta sin, tá soláthar reatha agus caipitil gur fiú os cionn €8.2m san iomlán ag mo Roinn féin le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana. Tá an soláthar airgid sin á chaitheamh ar raon beartas agus scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ní miste a nótáil gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa go luath.

Agus acmhainní maidir le pleanáil teanga faoi chaibidil, is fiú a lua go n-aithnítear an riachtanas faoi leith a bhaineann le hoiliúint i réimse na pleanála teanga. Chun freastal cuí a dhéanamh ar an riachtanas sin, beidh Dioplóma sa Phleanáil Teanga á sholáthar ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú san fhómhar i mbliana. Le soláthar an chúrsa sin, tabharfar deis oiliúna i réimse na pleanála teanga do na heagraíochtaí Gaeltachta agus do pháirtithe leasmhara eile.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag glacadh go córasach leis na céimeanna cuí i dtreo chur i bhfeidhm iomlán an Achta a chinntiú, lena n-áirítear gach gné a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus go leanfar ag féachaint chuige go bhfaightear an luach is fearr is féidir ar airgead don Státchiste.

Top
Share