Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (30)

Dessie Ellis

Question:

30. D'fhiafraigh Deputy Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad eagras stáit nách bhfuil scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla daingnithe ag an Roinn dóibh; cad atá déanta ag an Aire faoi seo; agus an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt do na heagraíochtaí seo scéimeanna teanga a dhaingniú. [13102/13]

View answer

Written answers

I dtús báire, is mian liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil 108 scéim teanga aontaithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Cuimsíonn na scéimeanna seo 194 comhlacht poiblí san iomlán. Sa bhreis air sin, tá 122 dréacht scéim á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí éagsúla faoi láthair agus tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne ina leith. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an bplé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna á ndaingniú agam i rith na bliana seo.

Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin gCéad Sceideal den Acht, tá mise sásta go gclúdaíonn an 108 scéim atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo.

Ní miste a aithint, áfach, nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh fosta gur féidir leis an bpróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an mbrú ar acmhainní, mar atá i láthair na huaire. Dá bhrí sin, tá athbhreithniú ar chóras na scéimeanna teanga mar chuid den athbhreithniú ar an Acht atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Top
Share