Skip to main content
Normal View

Maoiniú d'Eagrias Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Questions (40)

Martin Ferris

Question:

40. D'fhiafraigh Deputy Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta chun teacht ar shocrú maidir le maoiniú na mbuneagras Gaeilge. [13098/13]

View answer

Written answers

Ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas sa bhformáid teanga, a tionóladh in Ard Mhacha ar an 6 Márta 2013, rinneadh tuilleadh plé maidir le bunmhaoiniú do na heagrais Ghaeilge.

D'aontaigh an Chomhairle síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go dtí an 31 Nollaig 2013. Tugadh treoir freisin go gcuirfí pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach - samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí. Tá cóip den Chomhráiteas a d'eisigh an Chomhairle le fáil ag http://www.northsouthministerialcouncil.org/nsmc_lan_1__13__jc_gaeilge_-_06_mar_13.pdf

Top
Share