Skip to main content
Normal View

Wednesday, 13 Mar 2013

Written Answers Nos 35-42

Cruthú Fostaíochta

Questions (36)

Éamon Ó Cuív

Question:

36. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad post atá ceadaithe sa Ghaeltacht ó tháinig Bord nua Údarás na Gaeltachta i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12972/13]

View answer

Written answers

Tuigim go bhfuil 117 post lánaimseartha agus 8 bpost páirtaimseartha ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta ó cheapadh an bord nua ar 20 Samhain 2012.

National Monuments

Questions (37)

Pádraig MacLochlainn

Question:

37. Deputy Pádraig Mac Lochlainn asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht his plans to ensure that Kilmainham Mill, which is an important example of Ireland’s industrial archaeology, is transferred into public ownership; if his attention has been drawn to the fact that its proximity to Kilmainham Gaol and the Royal Hospital Kilmainham make this entire area an ideal location for the development of a historic quarter with significant tourist potential; and if he will make a statement on the matter. [13133/13]

View answer

Written answers

The Mill referred to by the Deputy is included on the Record of Monuments and Places established under Section 12 of the National Monuments Acts 1930, as amended. Any proposal to carry works at or in relation to such a monument or place is required to be notified to me, as Minister, not less than 2 months in advance of the commencement of such works.

There are no proposals at present for the State to acquire ownership of the Mill but the matter will be kept under review for consideration as resources permit.

Question No. 38 answered with Question No. 10.

Seirbhísí Eitilte

Questions (39)

Michael P. Kitt

Question:

39. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil cead faighte aige ón AE chun síneadh ama a chur leis an gconradh aersheirbhíse go dtí Óileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12970/13]

View answer

Written answers

Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. De réir na comhairle dlí atá faighte ag mo Roinne, is amhlaidh nach féidir, faoi réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh, síneadh a chur leis an gconradh atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tá mo Roinn ag tógáil na céimeanna cuí chun go bhfógrófar comórtas tairisceana do chonradh nua don tréimhse 1 Meán Fómhair 2013 go dtí 31 Lúnasa 2014, leis an rogha síneadh bliana a chur leis an gconradh nua go dtí 31 Lúnasa 2015. Táthar ag tógáil na céimeanna seo i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Fógrófar an comórtas tairisceana a luaithe is atá cead an Choimisiúin Eorpaigh faighte don chur chuige seo.

Maoiniú d'Eagrias Gaeilge

Questions (40)

Martin Ferris

Question:

40. D'fhiafraigh Deputy Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon dul chun cinn déanta chun teacht ar shocrú maidir le maoiniú na mbuneagras Gaeilge. [13098/13]

View answer

Written answers

Ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas sa bhformáid teanga, a tionóladh in Ard Mhacha ar an 6 Márta 2013, rinneadh tuilleadh plé maidir le bunmhaoiniú do na heagrais Ghaeilge.

D'aontaigh an Chomhairle síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go dtí an 31 Nollaig 2013. Tugadh treoir freisin go gcuirfí pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach - samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí. Tá cóip den Chomhráiteas a d'eisigh an Chomhairle le fáil ag http://www.northsouthministerialcouncil.org/nsmc_lan_1__13__jc_gaeilge_-_06_mar_13.pdf

Todhchaí Arramara Teo

Questions (41)

Gerry Adams

Question:

41. D'fhiafraigh Deputy Gerry Adams den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le todhchaí Arramara Teo; agus cad atá á dhéanamh aige chun slí bheatha lucht bainte feamainne a chaomhnú. [13092/13]

View answer

Written answers

Tá próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun chun páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh chomh maith.

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socraithe.

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go raibh leas na mbainteoirí feamainne lárnach i bpróiseas cinnteoireachta an Údaráis maidir le todhchaí an chomhlachta Arramara Teo.

Question No. 42 answered with Question No. 10.
Top
Share