Skip to main content
Normal View

Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 March 2013

Wednesday, 20 March 2013

Questions (337, 338, 339)

Pearse Doherty

Question:

337. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé eolas ar fáil i bhfoirm tábla maidir le cé mhéad pacáiste tacaíochta teanga atá curtha amach chuig tuismitheoirí óna Roinn, agus é mionsonraithe de réir contae agus de réir míosa. [13642/13]

View answer

Pearse Doherty

Question:

338. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé cuntas ar cé mhéad pacáiste réigiúnach éagsúil tacaíochta teanga atá ann, ar an ábhar atá i ngach pacáiste tacaíochta teanga atá ar fáil, ar theideal gach foilseacháin atá sna pacáistí agus ar na contaetha lena mbaineann gach pacáiste réigiúnach. [13643/13]

View answer

Pearse Doherty

Question:

339. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid atá caite go dtí seo ar chur chun cinn na bpacáistí tacaíochta teanga; agus cén costas a bhaineann le gach ábhar-gach feachtas. [13644/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé ceisteanna 337 to 339 le chéile.

Is í aidhm ghinearálta an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó gur mhaith leo é sin a dhéanamh. Chun tacú le fíorú na haidhme sin, tá pacáiste tacaíochta ar fáil ó mo Roinn do thuismitheoirí atá ag súil le páiste nó a bhfuil páistí réamhscoile acu.

Is é an pacáiste céanna a sheoltar chuig gach uile teaghlach. Maidir lena bhfuil ann, tá ábhar léitheoireachta, éisteachta agus físe sa phacáiste atá ionadaíoch ar na mórchanúintí Gaeilge. Tá mé ag súil leis go mbeidh ar chumas mo Roinne cur leis an bpacáiste sa tréimhse amach romhainn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Seo a leanas na sonraí faoina bhfuil sa phacáiste faoi láthair:

Leabhar agus CD Rabhlaí Rabhlaí - Oidhreacht Chorca Dhuibhne;

Leabhar agus CD Ící Pící - Doimnic Mac Giolla Bhríde;

Leabhar agus CD Peigín Leitir Móir - Tadhg Mac Dhonnagáin;

Leabhar Lúlú agus an Oíche Ghlórach - Bridget Bhreathnach;

Leabhrán comhairle/eolais do thuismitheoirí Ag Tógáil Clainne le Gaeilge - Comhluadar; agus

Mála eolais ó Cúla4 ina bhfuil cás pinn luaidhe, peann luaidhe, cairt airde agus eolas maidir le haipeanna atá oiriúnach do pháistí atá ag foghlaim Gaeilge. Is féidir iad seo a íoslódáil saor in aisce. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.tg4.ie/ie/programmes/cula4/cula-caint.html .

Tá infheistíocht €35,577 déanta ag mo Roinn sa phacáiste go dtí seo. Baineann sé seo le costas an phacáiste féin, chomh maith leis na costais a bhain le heolas a scaipeadh faoin bpacáiste, lena n-áirítear an costas a bhain le físeán mearscaipthe a fhorbairt. Is féidir teacht ar an bhfíseán ag http://www.youtube.com/watch?v=uZu7T75OQd0 .

Tá 659 pacáiste dáilte ag mo Roinn faoin tráth seo. Seo a leanas na sonraí faoin dáileadh go dtí seo:

Pacáistí dáilte (14 Márta 2013)

Contae

-

Thar Lear

15

Co. an Chláir

53

Co. an Dúin

3

Co. an Longfoirt

2

Co. Aontroma

9

Co. Ard Mhacha

1

Co. Bhaile Átha Cliath

100

Co. Cheatharlach

1

Co. Chiarraí

49

Co. Chill Chainnigh

2

Co. Chill Dara

20

Co. Chill Mhantáin

6

Co. Chorcaí

30

Co. Dhoire

5

Co. Dhún na nGall

45

Co. Fhear Manach

1

Co. Liatroma

1

Co. Loch Garman

5

Co. Lú

9

Co. Luimnigh

16

Co. Mhaigh Eo

61

Co. Mhuineacháin

1

Co. na Gaillimhe

192

Co. na hIarmhí

2

Co. na Mí

9

Co. Phort Láirge

9

Co. Ros Comáin

5

Co. Thiobraid Árann

4

Co. Thír Eoghain

3

Iomlán

659

Top
Share