Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 March 2013

Thursday, 28 March 2013

Questions (108, 109)

Éamon Ó Cuív

Question:

108. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheapfar foireann deartha don fhoirgneamh nua i nGaelscoil de hÍde, Óran Mór, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15844/13]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

109. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige glacadh leis an gcuireadh cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil de hÍde nuair a bheidh sé i nGaillimh i Mí Aibreáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15845/13]

View answer

Written answers

Beartaím ceisteanna 108 agus 109 a thógail le chéile.

Mar is eol don Teachta, b'fhéidir, léiríonn an Clár Tógála Chúig Bliana a d'fhógair mé i mí Mhárta 2012 na tionscadail mhóra tógála atá ceaptha chun dul ar aghaidh chun na tógála i gcaitheamh an Phlean. Céim mhór ar aghaidh é seo sa tslí ina bpoiblítear an clár tógála scoileanna agus cuireann sé cinnteacht ar fáil do phátrúin agus do phobail scoileanna maidir leis na tionscadail mhóra tógála scoileanna, Gaelscoil de hÍde san áireamh, a bhfuil ar chumas na Roinne iad a chur ar aghaidh. Tá fhios anois ag na scoileanna siúd atá san áireamh sa Phlean 5 Bliana cén uair a rachaidh a dtionscadail ar aghaidh chun na tógála agus éascóidh sé seo le scoileanna agus iad ag pleanáil chun freastal ar riachtanais oideachasúla na bpáistí sa cheantar acu. I gcás Ghaelscoil de hÍde, tá sé i gceist go rachadh an tionscadal seo ar aghaidh chun na tógála in 2015/16.

Maidir le suíomh nua a fháil do Ghaelscoil de hÍde, beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil conarthaí sínithe agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh fáil an tsuímh curtha i gcrích go gairid. A luaithe a bheidh an suíomh faighte, cuirfear an tionscadal ar aghaidh chuig an bpróiseas phleanáil ailtireachta, ceapadh na foirne deartha san áireamh. Beidh mo chuid oifigeach i dteagmháil go gairid arís le húdarás na scoile. Ina leith sin, ní mheasaim go bhfuil gá le cruinniú leis an scoil ag an dtráth seo.

Top
Share