Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2013

Tuesday, 16 April 2013

Questions (417)

Éamon Ó Cuív

Question:

417. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an gcailleann múinteoirí atá ag múineadh i nGaelscoil agus a bhfuil an liúntas as múineadh trí Ghaeilge acu, an liúntas sin má aistríonn siad go Gaelscoil eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16617/13]

View answer

Written answers

Thug an Rialtas faomhadh do roinnt áirithe beart a bhaineann le liúntais seirbhíse poiblí tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar fud na seirbhíse poiblí ar fad ar liúntais agus íocaíochtaí préimhe.

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, táthar tar éis an Liúntas do Mhúineadh trí Ghaeilge a tharraingt siar i gcás tairbhithe nua ar fud na seirbhíse poiblí le héifeacht ó 1 Feabhra 2012. Íocfar an liúntas sin i gcónaí do dhuine ar bith a bhí ag fáil an Liúntais do Mhúineadh trí Ghaeilge ar 31 Eanáir 2012, ach amháin sa chás go n-éiríonn an múinteoir as an jabról sin nó go n-aistríonn sé/í ó scoil amháin go scoil eile nó ó fhostaitheoir amháin go fostaitheoir eile ar 1 Feabhra 2012 nó ina dhiaidh sin. Áit a ndéantar múinteoir a ath-imlonnú faoin scéim chomhaontaithe ath-imlonnaithe, ní mheasfar é seo a bheith ina scor.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an toradh ar an athbhreithniú ar liúntais foilsithe i gCiorclán 0008/2013 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.education.ie.

Top
Share