Skip to main content
Normal View

Nuachtáin Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2013

Tuesday, 16 April 2013

Questions (704)

Dara Calleary

Question:

704. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na bearta a rinne Foras na Gaeilge chun cuidiú le Gaelscéal, agus chun an infheistíocht a chosaint gan trácht ar an airgead a caitheadh roimhe sin; cad é an plean atá ag an bhForas chun cur le líon na léitheoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [16263/13]

View answer

Written answers

Cheadaigh Foras na Gaeilge deontas de luach €1.6 milliún do Thorann na dTonn i mí na Nollag 2009 chun an nuachtán Gaelscéal a fhoilsiú. Cuireadh tacaíocht poiblíochta agus margaíochta ar fáil don lainseáil agus don chéad eagrán a seoladh ar 26 Márta 2010.

Tuigtear dom ón bhForas go raibh caidreamh láidir comhpháirtíochta idir an comhlacht agus Foras na Gaeilge ón tús. Lean an Foras le cruinnithe rialta le stiúrthoirí agus foireann Ghaelscéal chun an dul chun cinn ar phleananna margaíochta an chomhlachta féin don nuachtán a mheas.

Taobh istigh de théarmaí an chonartha mhaoinithe, tugadh gach tacaíocht don chomhlacht chun scaipeachán agus díolachán an nuachtáin a fheabhsú. É sin ráite, tuigtear dom gur theip ar an gcomhlacht an sprioc aontaithe de 9,000 cóip a dhíol sa tseachtain. Chuir Foras na Gaeilge maoiniú de €400,000 ar fáil don nuachtán in 2012 agus ba é an meándíolachán a bhí air ná 1,314 cóip sa tseachtain. De réir mar a thuigim, aithníodh laistigh den chomhlacht féin nach mbeadh sé ar a chumas leibhéal díolacháin an nuachtáin a ardú os cionn 2,000 cóip sa tseachtain.

Maidir le cur le líon na léitheoirí Gaeilge, tá céimeanna idir lámha ag Foras na Gaeilge chun tuairimí an phobail a fháil faoin gcineál seirbhís nuachta atá de dhíth orthu. Tá suirbhé pobail ar siúl ag Foras na Gaeilge agus tá sé i gceist acu sraith fócasghrúpaí a reáchtáil ar fud na tíre go luath. Ag brath ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin seo, beidh bord Fhoras na Gaeilge ag déanamh cinnidh maidir leis an mbealach is fearr chun maoiniú an Fhorais a chur ar fáil le go mbeidh freastal níos forleithne á dhéanamh ar phobal léitheoireachta na Gaeilge sa réimse nuachta.

Top
Share