Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontais

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 April 2013

Tuesday, 23 April 2013

Questions (528)

Éamon Ó Cuív

Question:

528. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé mhéid atá sa ró-íocaíocht a rinneadh le duine (sonraí tugtha), cé na scéimeanna agus na blianta lena mbaineann sé; an fáth gur éirigh an ró-éileamh seo; agus an bhfuil deis ag an duine achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh; cén méid airgid san iomlán a bhí i gceist faoi gach scéim; an méid airgid atá bainte as deontais talmhaíochta atá eisithe chuig an duine seo go dáta agus sonraí aon socraithe a rinneadh leis an aisíoc a fháil [18382/13]

View answer

Written answers

Ceadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta le héifeacht ón 1ú Samhain 2010.

Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceáil chuimsitheach riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear cros-seiceálacha leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Go dtí seo, tá 75% d’íocaíocht arbh fhiú €624.96 é, eisithe i ndáil le scéim na bliana 2010. Roghnaíodh an duine ainmnithe do chigireacht talún a rinneadh an 31ú Bealtaine 2011. Tugadh ar aird, le linn na cigireachta seo, go raibh réimsí ann nach raibh ag cloí le téarmaí ná le coinníollacha na scéime a bhain leis an rogha Talamh Féaraigh Saibhir le Speicis agus mar thoradh air sin beidh pionós le gearradh. Eisíodh litir chuig an duine ainmnithe an 24ú Eanáir 2013 inar leagadh amach nádúr an phionóis agus an rogha a bhí ann maidir le hachomharc.

Chuir an té atá ainmnithe achomharc ar aghaidh chuig mo Roinnse a fuarthas an 5ú Feabhra 2013. I ndiaidh athbhreithnithe ar an gcomhad seasadh leis an gcéad chinneadh an pionós a ghearradh. Cuireadh é seo in iúl don duine ainmnithe an 9ú Aibreán 2013 agus tugadh an rogha dó achomharc a dhéanamh chuig Oifig na nAchomharc Talmhaíochta.

Eiseofar litir go gairid chuig an duine ainmnithe ag tabhairt mionsonraí ar an bpionós agus ag lorg an airgid a híocadh cheana faoin rogha Talamh Féaraigh Saibhir le Speicis faoi scéim na bliana 2010 ar ais.

Maidir le Scéim na hAoníocaíochta agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste, baineann ró-íocaíochtaí le blianta 2010, 2011 agus 2012 na Scéime. I ndiaidh na cigireachta talún dar tagraíodh di, fuarthas amach go raibh limistéir talún neamh-incháilithe ar roinnt de na dáileachtaí a fógraíodh. Ó tharla go raibh an limistéar neamh-incháilithe le chéile os cionn 20% den limistéar iomlán a fuarthas is é an pionós infheidhme de réir na Rialachán a rialaíonn Scéim na hAoníocaíochta agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ná 100%.

Tá na torthaí maidir le Scéim na hAoníocaíochta agus Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus na ró-íocaíochtaí atá i gceist curtha in iúl cheana féin don té atá ainmnithe. Anois is gur bhain an t-iarratasóir leas as an deis a bhí ann tabhairt faoi athbhreithniú inmheánach, nár éirigh leis, cuireadh in iúl don iarratasóir ina dhiaidh sin faoi ngceart a bhí aige achomharc a dhéanamh chuig Oifig na nAchomharc Talmhaíochta. Tá an rogha seo fós ar fáil don iarratasóir.

Top
Share