Skip to main content
Normal View

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 April 2013

Wednesday, 24 April 2013

Questions (210)

Éamon Ó Cuív

Question:

210. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste 2012 atá déanta ag duine i nGaillimh (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil móill leis an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19175/13]

View answer

Written answers

Is é an duine ainmnithe duine amháin de líon iarratasóirí a raibh tionchar ar a gcásanna ag an riachtanas den íosdlús stocála de 0.3 aonad beostoic do gach heicteár foráiste in 2011, agus a rinne iarratas don mhaolú seo agus ar diúltaíodh dó ina leith.

Cuireadh achomhrac an duine ainmnithe ar aghaidh chuig Coiste Achmhrac an DAS le breithniú a dhéanamh air; a luaithe is a dhéanann an Coiste breithniú ar an achomhrac seo, cuirfear in iúl don duine i gceist maidir leis an gcinneadh, i scríbhinn.

Top
Share